Cé a mhaoiníonn Tionscadal Tor?
Tacaíonn meascán de dheontais rialtais, fondúireachtaí príobháideacha, agus deontóirí aonair le Tionscadal Tor.
Tá Tionscadal Tor maoinithe ag roinnt urraitheoirí éagsúla, lena n-áirítear gníomhaireachtaí feidearálacha SAM, fondúireachtaí príobháideacha, agus deontóirí aonair. Breathnaigh ar liosta de na ár lucht tacaíochta agus ar shraith postálacha blag ar ár dtuarascálacha airgeadais.
Is dóigh linn gurb é labhairt go hoscailte faoinár n-urraitheoirí agus faoinár samhail mhaoinithe an bealach is fearr chun muinín a choinneáil lenár bpobal. Táimid i gcónaí ag lorg níos mó éagsúlachta inár bhfoinsí maoinithe, go háirithe ó fhondúireachtaí agus ó dhaoine aonair.