Is féidir leis an ainm "Tor" tagairt a dhéanamh do roinnt comhpháirteanna éagsúla.

Is clár é Tor is féidir leat a rith ar do ríomhaire a chuidíonn leat a choinneáil sábháilte ar an Idirlíon. Cosnaíonn sé tú trí do chumarsáid a phreabadh thart ar líonra dáilte athsheachadáin a bhíonn á reáchtáil ag oibrithe deonacha ar fud an domhain: cuireann sé cosc ar dhuine a fhéachann ar do nasc Idirlín a fháil amach cad iad na suíomhanna a dtugann tú cuairt orthu, agus cuireann sé cosc ar na suíomhanna a dtugann tú cuairt orthu ó do shuíomh fisiceach a fhoghlaim. Tugtar líonra Tor ar an tacar seo de athsheachadáin oibrithe deonacha.

Is é an bealach a úsáideann an chuid is mó daoine Tor ná le Brabhsálaí Tor, ar leagan é de Firefox é a réitíonn go leor saincheisteanna príobháideachais. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi Tor ar ár leathanach faoi.

Is eagraíocht neamhbhrabúis (carthanas) é Tionscadal Tor a chothaíonn agus a fhorbraíonn bogearraí Tor.