Go hiondúil braitheann ionsaithe dáileacháin ar shéanadh seirbhíse (DDoS) ar ghrúpa de na mílte ríomhaire a bheith ag seoladh tuilte tráchta chuig íospartach. Ós rud é gurb é an sprioc bandaleithead an íospartaigh a róchumhacht, is gnách go seolann siad paicéid UDP ós rud é nach mbíonn croitheadh láimhe nó comhordú de dhíth orthu sin.

Ach toisc nach n-iompraíonn Tor ach sruthanna TCP atá déanta i gceart, ní gach paicéad IP, ní féidir leat paicéid UDP a sheoladh thar Tor. (Ní féidir leat cineálacha speisialaithe den ionsaí seo a dhéanamh cosúil le tuilte SYN ach an oiread.) Mar sin ní féidir gnáthionsaithe DDoS a dhéanamh thar Tor. Ní cheadaíonn Tor ach oiread ionsaithe aimplithe bandaleithead ar shuíomhanna seachtracha: ní mór duit beart a sheoladh isteach le haghaidh gach beart a sheolfaidh líonra Tor chuig do cheann scríbe. Mar sin go ginearálta, is féidir le hionsaitheoirí a rialaíonn go leor bandaleithead chun ionsaí DDoS éifeachtach a sheoladh é a dhéanamh go breá gan Tor.