Conas Snowflake a úsáid i mBrabhsálaí Tor
Treoir thapa chun droichead Snowflake atá ionsuite i mBrabhsálaí Tor (agus i mBrabhsálaí Onion ar iOS) a chumasú ionas gur féidir leat ceangal le Tor fiú nuair a bhíonn rochtain dhíreach blocáilte.
Tá Snowflake ar fáil i leagan cobhsaí de Brabhsálaí Tor do gach ardán: Windows, macOS, GNU/Linux, agus Android. Is féidir leat Snowflake a úsáid le Onion Browser ar iOS chomh maith.
Más é Brabhsálaí Tor atá á rith agat do dheasc den chéad uair, is féidir leat cliceáil ar 'Cumraigh Ceangal' ar an scáileán tosaithe. Faoin rannán "Droichid", aimsigh an rogha "Roghnaigh ó cheann de dhroichid ionsuite Bhrabhsálaí Tor" agus cliceáil ar an rogha "Roghnaigh Droichead ionsuite". Ón roghchlár, roghnaigh 'Snowflake'. Nuair a bheidh Snowflake roghnaithe agat, scrollaigh suas agus cliceáil 'Ceangail' chun do shocruithe a shábháil.
Ón mbrabhsálaí, is féidir leat cliceáil ar an roghchlár hamburger ("≡"), ansin téigh go dtí 'Socruithe' agus téigh go dtí 'Ceangal'. Nó is féidir leat about:preferences#connection a chlóscríobh sa bharra URL freisin. Faoin rannán "Droichid", aimsigh an rogha "Roghnaigh ó cheann de dhroichid ionsuite Bhrabhsálaí Tor" agus cliceáil ar an rogha "Roghnaigh Droichead ionsuite". Ón roghchlár, roghnaigh 'Snowflake'.