Is éard atá i nDroichead ná athsheachadán Tor nach bhfuil liostáilte san eolaire poiblí Tor.

Ciallaíonn sé seo nach féidir le soláthraithe seirbhíse nó le rialtais cosc a chur ar líonra Tor trí cosc a chur ar gach uile dhroichead. Tá droichid úsáideach d'úsáideoirí Tor ina gcónaí i dtíortha faoi réimeas leatromach, nó dóibh siúd ar mhaith leo sraith bhreise slándála toisc go bhfuil imní orthu go n-aithneofar go bhfuil siad ag baint úsáide as seoladh IP ceangailte le hathsheachadán poiblí Tor.

Is gá cumraíocht rud beag difriúil a dhéanamh le droichid. Féach Conas is féidir liom droichead a rith le haghaidh treoracha.

Tá roinnt tíortha, an tSín agus an Iaráin san áireamh, in ann ceangail trí dhroichead Tor a aimsiú agus cosc a chur orthu. Tugann droichid Obfsproxy aghaidh air seo trí shraith eile sceithireachta a chur leis. Teastaíonn pacáiste agus cumraíocht bhreise uait chun droichead obfsproxy a shocrú. Féach ar ár leathanach ar iompair in-pluggable le haghaidh tuilleadh eolais.