Má tá deacracht agat le nascadh, seans go mbeidh teachtaireacht earráide le feiceáil agus is féidir leat an rogha a roghnú chun logáil Tor a chóipeáil go dtí an ghearrthaisce. Ansin, greamaigh an logchomhad Tor isteach i dtéacschomhad nó i gcáipéis eile.

Mura bhfeiceann tú an rogha seo agus go bhfuil Brabhsálaí Tor oscailte agat, is féidir leat nascleanúint a dhéanamh chuig an roghchlár hamburger ("≡"), ansin cliceáil ar "Socruithe", agus ar deireadh ar "Ceangail" sa bharra taobh. Ag bun an leathanaigh, in aice leis an téacs "Féach ar na logaí Tor", cliceáil ar an gcnaipe "Féach ar Logchomhaid...".

Nó, ar GNU/Linux, chun na logaí a fheiceáil díreach sa teirminéal, déan nascleanúint chuig eolaire Brabhsálaí Tor agus seol Brabhsálaí Tor ón líne ordaithe trí:

./start-tor-browser.desktop --verbose

nó chun na logaí a shábháil i gcomhad (réamhshocraithe: tor-browser.log)

./start-tor-browser.desktop --log [file]

Is dócha go bhfeicfidh tú ceann de na hearráidí coitianta seo (cuardaigh na línte seo a leanas sa logchomhad Tor):

Earráid logála coitianta #1: Theip ar cheangail seachfhreastalaí

2017-10-29 09:23:40.800 [NOTICE] Opening Socks listener on 127.0.0.1:9150
2017-10-29 09:23:47.900 [NOTICE] Bootstrapped 5%: Connecting to directory server
2017-10-29 09:23:47.900 [NOTICE] Bootstrapped 10%: Finishing handshake with directory server
2017-10-29 09:24:08.900 [WARN] Proxy Client: unable to connect to xx..xxx..xxx.xx:xxxxx ("general SOCKS server failure")

Má fheiceann tú línte den sórt seo i do logchomhad Tor, ciallaíonn sé gur theip ort ceangal a bhunú le seachfhreastalaí SOCKS. Má theastaíonn seachfhreastalaí SOCKS uait ar do líonra, deimhnigh gur chuir tú mionsonraí an fhreastalaí isteach go ceart. Mura dteastaíonn seachfhreastalaí SOCKS uait, nó mura bhfuil tú cinnte, déan iarracht ceangal a bhunú le líonra Tor gan seachfhreastalaí SOCKS.

Earráid logála coitianta #2: Ní féidir teacht ar athsheachadáin garda

11/1/2017 21:11:43 PM.500 [NOTICE] Opening Socks listener on 127.0.0.1:9150
11/1/2017 21:11:44 PM.300 [NOTICE] Bootstrapped 80%: Connecting to the Tor network
11/1/2017 21:11:44 PM.300 [WARN] Failed to find node for hop 0 of our path. Discarding this circuit.
11/1/2017 21:11:44 PM.500 [NOTICE] Bootstrapped 85%: Finishing handshake with first hop
11/1/2017 21:11:45 PM.300 [WARN] Failed to find node for hop 0 of our path. Discarding this circuit.

Má fheiceann tú línte den sórt seo sa logchomhad Tor, ciallaíonn sé gur theip ar Tor ceangal a bhunú leis an chéad nód sa gciorcad Tor. Seans go gciallaíonn sé seo go bhfuil do líonra faoi chinsireacht.

Ba chóir duit triail a bhaint as droichead; is dócha go réiteoidh sin an fhadhb.

Earráid logála coitianta #3: Theip ar chroitheadh láimhe TLS a chríochnú

13-11-17 19:52:24.300 [NOTICE] Bootstrapped 10%: Finishing handshake with directory server 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN] Problem bootstrapping. Stuck at 10%: Finishing handshake with directory server. (DONE; DONE; count 10; recommendation warn; host [host] at xxx.xxx.xxx.xx:xxx) 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN] 10 connections have failed: 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN]  9 connections died in state handshaking (TLS) with SSL state SSLv2/v3 read server hello A in HANDSHAKE 
13-11-17 19:53:49.300 [WARN]  1 connections died in state connect()ing with SSL state (No SSL object)

Má fheiceann tú línte den sórt seo i do logchomhad Tor, ciallaíonn sé gur theip ar Tor croitheadh láimhe TLS leis na húdaráis a chur i gcrích. Is dócha go réiteoidh droichead an fhadhb seo.

Earráid logála choitianta #4: sceabhadh clog

19.11.2017 00:04:47.400 [NOTICE] Opening Socks listener on 127.0.0.1:9150 
19.11.2017 00:04:48.000 [NOTICE] Bootstrapped 5%: Connecting to directory server 
19.11.2017 00:04:48.200 [NOTICE] Bootstrapped 10%: Finishing handshake with directory server 
19.11.2017 00:04:48.800 [WARN] Received NETINFO cell with skewed time (OR:xxx.xx.x.xx:xxxx): It seems that our clock is behind by 1 days, 0 hours, 1 minutes, or that theirs is ahead. Tor requires an accurate clock to work: please check your time, timezone, and date settings.

Má fheiceann tú línte den sórt seo i do logchomhad Tor, ciallaíonn sé go bhfuil an clog i do ríomhaire mícheart. Ba chóir duit deimhniú go bhfuil an clog socraithe mar is ceart, an crios ama san áireamh. Ansin, atosaigh Tor.