bridge / droichead

Cosúil le gnáthsheachadáin Tor athsheachadáin, is oibrithe deonacha a reáchtálann droichid; murab ionann agus gnáth-athsheachadáin, áfach, níl siad liostaithe go poiblí, mar sin ní féidir le namhaid iad a aithint go héasca. Is cineál droichead é iompróirí inphlugáilte a chuidíonn leis an bhfíric go bhfuil tú ag úsáid Tor a cheilt.