cryptographic signature / síniú cripteagrafach

Cruthaíonn síniú cripteagrafach barántúlacht teachtaireachta nó comhaid. Cruthaíonn sealbhóir na coda príobháidí de phéire eochair eochairchriptagrafaíochta poiblí é agus is féidir é a fhíorú leis an eochair phoiblí chomhfhreagrach. Má íoslódálann tú bogearraí ó torproject.org, gheobhaidh tú é mar chomhaid sínithe (.asc). Is sínithe PGP iad seo, ionas gur féidir leat a fhíorú gurb é an comhad a d’íoslódáil tú go díreach an ceann a bhí beartaithe againn duit a fháil. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach conas is féidir leat sínithe a fhíorú.