IP address / Seoladh IP

Is lipéad uimhriúil (nó alfa-uimhriúil i gcás IPv6) é seoladh Prótacail Idirlín (seoladh IP) a shanntar do gach feiste (m.sh. ríomhaire, printéir) atá rannpháirteach i líonra ríomhaire a úsáideann an Prótacal Idirlín le haghaidh cumarsáide. Is é an seoladh IP seoladh suímh na feiste, cosúil le seoltaí suíomhanna fisiceacha. Déanann Brabhsálaí Tor do shuíomh a cheilt trí chuma a bheith air go bhfuil do trácht ag teacht ó sheoladh IP nach leatsa é.