Glacaimid leis go ndéanann an cliant meán 10 n-iarratas den sórt sin in aghaidh an lae. Déanann cliant tor atá ceangailte 24/7 thart ar 15 iarratas in aghaidh an lae, ach níl gach cliant ceangailte 24/7, mar sin roghnaigh muid an uimhir 10 don ghnáthchliant. Ní dhéanann muid ach iarratais eolaire a roinnt faoi 10 agus breithnímid ar an toradh mar líon na n-úsáideoirí. Bealach eile chun breathnú air, ná go nglacfaimid leis gurb ionann gach iarratas agus cliant a fhanann ar líne ar feadh an deichiú cuid de lá, mar sin 2 uair agus 24 nóiméad.