Is oth linn a rá go bhfuil bogearra mailíseach ar do ríomhaire. Ní muidne a chruthaigh an bogearra mailíseach seo. Tá na daoine a chruthaigh é ag iarraidh ort Brabhsálaí Tor a íoslódáil anois sa chaoi go mbeidh tú in ann dul i dteagmháil leo gan ainm chun an t-airgead fuascailte a íoc.

Más é seo an chéad uair a chuala tú faoi Bhrabhsálaí Tor, b'fhéidir go gceapann tú gur drochdhaoine muid, agus go soláthraímid uirlisí do dhaoine fiú níos measa.

Ach leis an bhfírinne a rá, úsáideann go leor daoine ár gcuid bogearraí go laethúil ar bhealaí dlisteanacha: gníomhaithe ar son cearta daonna, iriseoirí, daoine a tháinig slán ó dhroch-íde sa mbaile, daoine nochta scéil, gardaí, agus neart eile. Faraor, is féidir le coirpigh agus le húdair bogearraí mailíseacha leas a bhaint as an gcosaint chéanna a sholáthraíonn Tor do na grúpaí seo. Níl aon ghlacadh againn le daoine a úsáideann ár gcuid bogearraí ar bhealaí mailíseacha.