An gciallaíonn sé seo go bhfuil Brabhsálaí Tor ag imeacht?

Níl, tá Brabhsálaí Tor anseo le fanacht. Tá a fhios againn go mbraitheann na milliúin úsáideoirí ar fud an domhain ar Bhrabhsálaí Tor agus ar réitigh eile a chuireann Tionscadal Tor ar fáil chun ceangal go sábháilte leis an idirlíon, chun brabhsáil ar líne gan ainm agus chun cinsireacht a sheachaint. Dá bhrí sin, leanfaidh Brabhsálaí Tor de bheith ann.