An gciallaíonn sé seo go dtabharfar níos lú airde ar Bhrabhsálaí Tor?
Ní ar chor ar bith, táimid ag leanúint ar aghaidh ag infheistiú i bhfeabhsú inúsáidteachta Brabhsálaí Tor, mar atá déanta againn le 5 bliana anuas le heisiúintí móra a raibh feabhsuithe ar thaithí an úsáideora san áireamh iontu.
Táimid ag obair go dian freisin chun Brabhsálaí Tor d'Android a thabhairt suas chun dáta le gnéithe an leagan deisce.
Tá forbairt Brabhsálaí Mullvad tar éis cabhrú linn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna agus ar chód oidhreachta, agus leochaileachtaí a shocrú. Níor chuir sé isteach ar ár n-aird ná ar ár ndúthracht i leith Bhrabhsálaí Tor.