Cén fáth ar shocraigh Tionscadal Tor an brabhsálaí seo a fhorbairt do Mullvad VPN?

Líonann Brabhsálaí Mullvad bearna sa mhargadh dóibh siúd ar mian leo brabhsálaí atá dírithe ar phríobháideacht a rith chomh maith le Brabhsálaí Tor ach le VPN iontaofa in ionad Líonra Tor. Cuireann an chomhpháirtíocht seo le níos mó roghanna príobháideachta saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine le haghaidh brabhsála gréasáin agus ag an am céanna dúshlán a thabhairt don mhúnla gnó reatha maidir le sonraí daoine a shaothrú.