Tugtar "onion" ar shuíomh Gréasáin nach féidir teacht air ach trí líonra Tor, agus úsáideann na suímh seo an fearann barrleibhéil .onion. Mar shampla, is é an oinniún DuckDuckGo https://duckduckgogg42xjoc72x3sjasowoarfbgcmvfimafftt6twagswzczad.onion/. Is féidir leat Brabhsálaí Tor a úsáid chun teacht ar na suímh seo. Caithfidh tú na seoltaí a fháil go díreach ó óstach an tsuímh, toisc nach bhfuil suímh onion innéacsaithe ag innill chuardaigh sa chaoi a ndéantar le gnáthshuímh Ghréasáin.