Mura féidir leat an tseirbhís oinniún atá uait a bhaint amach, cinntigh go bhfuil an seoladh oinniúin 56-charachtar curtha isteach agat i gceart; stopfaidh fiú botún beag Brabhsálaí Tor ó bheith in ann teacht ar an suíomh. Mura bhfuil tú in ann ceangal a bhunú leis an tseirbhís onion fós, bain triail eile as ar ball. B'fhéidir go bhfuil fadhb shealadach leis an líonra, nó b'fhéidir gur lig stiúrthóirí an tsuímh dó dul as líne gan rabhadh.

Is féidir leat a chinntiú freisin go bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí eile oinniúin trí nascadh le seirbhís oinniúin DuckDuckGo.