Ní bheadh. Dá gcuirfeadh na gardaí spéis sa trácht atá ag dul trí d'athsheachadán amach, bheadh contúirt ann go ngabhfaidís seilbh ar do ríomhaire. Dá bharr seo, níor chóir duit athsheachadán amach a rith sa mbaile nó ar do líonra baile.

Ina áit sin, ba chóir duit an t-athsheachadán amach a rith i gcomhlacht a thacaíonn le haidhmeanna Tor. Úsáid seoladh IP ar leith don athsheachadán amach, agus ná seol do chuid tráchta féin tríd. Ar ndóigh, níor chóir duit aon fhaisnéis phearsanta nó íogair a choinneáil ar an ríomhaire a bhfuil an t-athsheachadán amach air.