An féidir Tor a úsáid chun ionsaithe diúltaithe seirbhíse dáilte (DDoS) a sheoladh?
Ní thacaíonn Tor leis na cineálacha tráchta (cosúil le paicéid UDP amha) a mbraitheann ionsaithe DDoS tipiciúla orthu, agus ní mhéadaíonn sé bandaleithead amach. Ós rud é nach n-iompraíonn Tor ach sruthanna TCP atá foirmithe i gceart ar bhonn aon-ar-aon, ní uirlis éifeachtach é chun ionsaithe DDoS nó aimpliúcháin bandaleithead gnáth a sheoladh.
De ghnáth, bíonn ionsaithe diúltaithe seirbhíse dáilte (DDoS) ag brath ar ghrúpa de na mílte ríomhairí a bheith ag seoladh tuilte tráchta chuig íospartach. Ós rud é gurb é an sprioc bandaleithead an íospartaigh a shárú, seolann siad paicéid UDP de ghnáth ós rud é nach bhfuil croitheadh láimhe ná comhordú ag teastáil uathu sin.
Ach toisc nach n-iompraíonn Tor ach sruthanna TCP atá foirmithe i gceart, ní gach paicéad IP, ní féidir leat paicéid UDP a sheoladh thar Tor. (Ní féidir leat foirmeacha speisialaithe den ionsaí seo a dhéanamh cosúil le tuilte SYN ach an oiread.) Mar sin ní féidir ionsaithe DDoS gnáth a úsáid thar Tor. Ní cheadaíonn Tor ionsaithe aimplithe bandaleithead i gcoinne suíomhanna seachtracha ach an oiread: ní mór duit beart a sheoladh isteach le haghaidh gach beart a sheolfaidh líonra Tor chuig do cheann scríbe. Mar sin, i gcoitinne, is féidir le hionsaitheoirí a bhfuil dóthain bandaleithead acu chun ionsaí DDoS éifeachtach a sheoladh é a dhéanamh go breá gan Tor.