Úsáideann Google "geolocation" chun a fháil amach cá háit ar domhan a bhfuil tú, ionas gur féidir leis eispéireas pearsantaithe a thabhairt duit. Áiríonn sé seo úsáid a bhaint as an teanga is fearr leat, agus áirítear leis freisin torthaí éagsúla a thabhairt duit ar do cheisteanna.

Más mian leat Google a fheiceáil i mBéarla is féidir leat cliceáil ar an nasc a sholáthraíonn é sin. Ach measaimid gur gné é seo le Tor, ní fabht --- níl an tIdirlíon cothrom, agus i ndáiríre tá cuma difriúil air ag brath ar an áit a bhfuil tú. Cuireann an ghné seo i gcuimhne do dhaoine ar an bhfíric seo.

Tabhair faoi deara go nglacann URLanna cuardaigh Google péirí ainm/luacha mar argóintí agus gur “hl” ceann de na hainmneacha sin. Má shocraíonn tú "hl" go "en" ansin seolfaidh Google torthaí cuardaigh as Béarla ar ais is cuma cén freastalaí Google ar cuireadh chugat é. Seans go mbeidh cuma mar seo ar an nasc athraithe:

https://encrypted.google.com/search?q=online%20anonymity&hl=en

Modh eile is ea do chód tíre a úsáid chun rochtain a fháil ar Google. Is féidir é seo a bheith google.be, google.de, google.us agus mar sin de.