Tá mo chosaint frithvíreas nó malware ag cur bac orm rochtain a fháil ar Bhrabhsálaí Tor.
Ligeann formhór na gcosanta frithvíreas nó malware don úsáideoir próisis áirithe a chur ar "liosta ceadanna" a mbeadh bac orthu murach sin.
Nuair a sheoltar Brabhsálaí Tor, cuirfidh roinnt bogearraí frithvíreas rabhaidh faoi earraí mailíseacha agus/nó leochaileachtaí i láthair. Má d’íoslódáil tú Brabhsálaí Tor ónár bpríomhláithreán gréasáin nó má d’úsáid tú GetTor, agus má dheimhnigh tú é, is torthaí dearfacha bréagacha iad seo agus níl aon rud le bheith buartha faoi. Meastar ag roinnt bogearraí frithvíreas gur amhrasach comhaid nár chonaic mórán úsáideoirí. Chun a chinntiú gurb é an clár Tor a íoslódálann tú an ceann atá cruthaithe againne agus nach bhfuil sé modhnaithe ag ionsaitheoir éigin, is féidir leat síniú Brabhsálaí Tor a fhíorú. B’fhéidir gur mhaith leat próisis áirithe a cheadú freisin chun cosc a chur ar fhrithvíreas rochtain ar Bhrabhsálaí Tor a bhac.
Ceadaíonn sé próisis Bhrabhsálaí Tor
Oscail do bhogearra frithvíreas nó cosanta malware agus féach sna socruithe le haghaidh "liosta ceadaithe" nó rud éigin cosúil leis. Ansin, cuir na próisis seo a leanas san áireamh:
- Do Windows
- firefox.exe
- tor.exe
- lyrebird.exe
- Do macOS
- TorBrowser
- tor.real
- lyrebird Ar deireadh, atosú Brabhsálaí Tor. Ba chóir go réiteodh sé seo na fadhbanna atá agat. Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh roinnt cliant frithvíreas, cosúil le Kaspersky, Tor a bhlocáil ag leibhéal an bhalla dóiteáin freisin.