Tugann Gmail rabhadh dom go bhféadfadh mo chuntas a bheith curtha i mbaol
Nuair a logálann tú isteach i Gmail le Brabhsálaí Tor, féadfaidh Google rabhadh a thabhairt duit gur rochtainíodh do chuntas ó áiteanna neamhghnácha. De ghnáth is aláram bréagach é seo de bharr athsheachadáin imeachta Tor, ach ba cheart duit céimeanna a ghlacadh fós chun do chuntas a shlánú.
Uaireanta, tar éis duit Gmail a úsáid thar Tor, taispeánann Google fógra aníos a deir go bhféadfadh do chuntas a bheith curtha i mbaol. Liostaítear sa fhuinneog fógraí sraith seoltaí IP agus suíomhanna ar fud an domhain a úsáideadh le déanaí chun rochtain a fháil ar do chuntas.
Go ginearálta, is aláram bréagach é seo: chonaic Google roinnt logálacha isteach ó áiteanna éagsúla, mar thoradh ar an tseirbhís a rith trí Tor, agus chinn siad gur smaoineamh maith a dheimhniú go raibh rochtain ag a úinéir dlisteanach ar an gcuntas.
Cé gur féidir gur toradh é seo ar úsáid na seirbhíse trí Tor, ní chiallaíonn sin gur féidir leat neamhaird iomlán a dhéanamh den rabhadh. Is dócha gur toradh dearfach bréagach é, ach b'fhéidir nach amhlaidh atá ós rud é go bhféadfadh duine éigin do fhianán Google a fhuadach.
Is féidir fianáin a fhuadach trí rochtain fhisiciúil ar do ríomhaire nó trí bhreathnú ar thrácht do líonra. Go teoiriciúil, níor cheart ach rochtain fhisiciúil do chóras a chur i mbaol mar níor cheart do Gmail agus seirbhísí comhchosúla an fianán a sheoladh ach thar nasc SSL. Go praiticiúil, faraor, tá sé i bhfad níos casta ná sin.
Agus má ghoid duine éigin do fhianán Google, d’fhéadfadh siad logáil isteach ó áiteanna neamhghnácha (cé nach mbeadh, ar ndóigh). Mar sin, is é an achoimre ná, ós rud é go bhfuil Brabhsálaí Tor in úsáid agat, nach bhfuil an beart slándála seo a úsáideann Google chomh húsáideach duit, mar go bhfuil sé lán de dhearfacha bréagacha. Beidh ort cur chuige eile a úsáid, amhail a fheiceáil an bhfuil cuma aisteach ar aon rud ar an gcuntas, nó breathnú ar na stampaí ama le haghaidh logálacha isteach le déanaí agus a bheith ag smaoineamh an ndearna tú logáil isteach i ndáiríre ag na hamanna sin.
Le déanaí, is féidir le húsáideoirí Gmail Fíorú 2 Chéim a chasadh ar a gcuntais chun ciseal breise slándála a chur leis.