An bhfuil aon leaganacha íoctha de Bhrabhsálaí Tor ann?
Is bogearraí foinse oscailte é Brabhsálaí Tor agus tá sé saor in aisce.
Is bréagach aon bhrabhsálaí a chuireann iallach ort íoc agus a mhaíonn gur Brabhsálaí Tor é. Chun a chinntiú go bhfuil an Brabhsálaí Tor ceart á íoslódáil agat, tabhair cuairt ar ár leathanach íoslódála. Tar éis duit é a íoslódáil, is féidir leat a chinntiú go bhfuil an leagan oifigiúil de Bhrabhsálaí Tor agat tríd an síniú a fhíorú. Mura bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar ár suíomh gréasáin, tabhair cuairt ar an rannóg íoslódála chun eolas a fháil faoi bhealach malartach chun Brabhsálaí Tor a íoslódáil.
Má d’íoc tú as aip bhréige a mhaíonn gur Brabhsálaí Tor atá ann, is féidir leat iarracht a dhéanamh aisíocaíocht a iarraidh ó Apple nó Play Store, nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do bhanc chun idirbheart calaoiseach a thuairisciú. Ní féidir linn aisíocaíocht a thabhairt duit as ceannachán a rinneadh le cuideachta eile.
Is féidir leat Brabhsálaithe Tor bréige a thuairisciú ag frontdesk@torproject.org.