Cad é an difríocht idir Brabhsálaí Tor a úsáid agus mód Incognito nó cluaisíní príobháideacha?
Cé go bhféadfadh na hainmneacha a mhalairt a thabhairt le fios, ní fhágann 'mód incognito' agus 'cluaisíní príobháideacha' tú gan ainm ar an Idirlíon.
Cuireann Chrome agus Firefox 'Mód Incognito' agus 'cluaisíní príobháideacha' ar fáil, a scriosann gach faisnéis áitiúil ó do ghléas a bhaineann le seisiún brabhsála a luaithe a dhúnann tú é. Mar sin féin, ní sholáthraíonn na modhanna seo aon chosaint i gcoinne rianú ar líne agus níl aon bhearta i bhfeidhm acu chun do ghníomhaíocht ná do mhéarloirg dhigiteacha ar líne a cheilt. Ciallaíonn sé seo gur féidir le breathnóir do thrácht a bhailiú chomh héasca le haon bhrabhsálaí rialta.
Cuireann Brabhsálaí Tor na gnéithe céanna amnesic ar fáil agus atá ag cluaisíní príobháideacha, agus cuireann sé do sheoladh IP foinseach, nósanna brabhsála, agus sonraí faoi ghléas ar féidir iad a úsáid chun gníomhaíocht méarloirg a thógáil ar fud an ghréasáin i bhfolach freisin. Ligeann sé seo seisiún brabhsála fíor-phríobháideach, atá lán-doiléir ó cheann ceann go ceann.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le teorainneacha an mhodha Incognito agus na gcluaisíní príobháideacha, féach ar alt Mozilla ar Miotais Choitianta faoi Bhrabhsáil Phríobháideach.