Conas Brabhsálaí Tor a Dhíshuiteáil
Ní chomhtháthaíonn Brabhsálaí Tor le fóntais dhíshuiteála caighdeánacha do chórais. Ina áit sin, is chomh simplí le fillteán nó feidhmchlár Brabhsálaí Tor agus aon sonraí gaolmhara a scriosadh atá bainte amach. Lean na treoracha thíos chun Brabhsálaí Tor a bhaint go hiomlán de do ghléas.
- Aimsigh d’fhillteán nó d’fheidhmchlár Brabhsálaí Tor. Is é an Deasc an suíomh réamhshocraithe.
- Scrios an fillteán nó an feidhmchlár Brabhsálaí Tor.
- Folmhaigh do Bhruscar.
- Aimsigh d’fheidhmchlár Brabhsálaí Tor. Is é an fillteán Feidhmchláir an suíomh réamhshocraithe.
- Bog feidhmchlár Brabhsálaí Tor go dtí an Bruscar.
- Téigh go dtí d’fhillteán
~/Library/Application Support/. - Tabhair faoi deara go bhfuil an fillteán Leabharlainne i bhfolach ar leaganacha níos nuaí de macOS. Chun nascleanúint a dhéanamh chuig an bhfillteán seo in Finder, roghnaigh "Téigh go Fillteán..." sa roghchlár "Téigh".
Téigh go dtí an rogha roghchláir fillteáin
- Ansin clóscríobh
~/Library/Application Support/sa fhuinneog agus cliceáil Téigh.
Téigh go dtí fuinneog an fhillteáin
- Aimsigh an fillteán TorBrowser-Data agus bog é chuig an mBruscar.
- Folmhaigh do Bhruscar.
Tabhair faoi deara, mura ndearna tú Brabhsálaí Tor a shuiteáil san áit réamhshocraithe (an fillteán Feidhmchláir), nach bhfuil an fillteán TorBrowser-Data suite san fhillteán ~/Library/Application Support/, ach san fhillteán céanna inar shuiteáil tú Brabhsálaí Tor.
- Aimsigh d’fhillteán Brabhsálaí Tor. Ar Linux, níl aon suíomh réamhshocraithe ann, ach is "tor-browser" ainm an fhillteáin.
- Oscail fuinneog críochfoirt i bhfillteán Brabhsálaí Tor agus rith an t-ordú seo chun Brabhsálaí Tor a dhíchlárú mar fheidhmchlár deisce:
./start-tor-browser.desktop --unregister-app - Scrios an fillteán Brabhsálaí Tor.
- Folmhaigh do Bhruscar.
Tabhair faoi deara nach bhfuil fóntais chaighdeánach "Díshuiteáil" do chórais oibriúcháin in úsáid.
Is féidir Brabhsálaí Tor do Android a dhíshuiteáil go díreach ó F-Droid, Google Play nó ó shocruithe aip do ghléis shoghluaiste.
Díshuiteáil ón siopa Google Play
- Oscail an aip Google Play Store.
- Ag an mbarr ar dheis, tapáil deilbhín an phróifíle.
- Beartaigh ar 'Bainistigh aipeanna agus gléasanna'.
- Beartaigh ar an táb 'Bainistigh'.
- Beartaigh ar Bhrabhsálaí Tor do Android ón liosta aipeanna atá suiteáilte ar do ghléas.
- Beartaigh ar 'Díshuiteáil'.
Díshuiteáil Brabhsálaí Tor do Android ar Google Play
Díshuiteáil ó shiopa F-Droid
- Beartaigh ar "Socruithe", ansin téigh go dtí "Bainistigh aipeanna suiteáilte".
- Ar an scáileán seo chugainn, roghnaigh Brabhsálaí Tor agus ansin tapáil ar an gcnaipe "Díshuiteáil".
Díshuiteáil Brabhsálaí Tor le haghaidh Android ar F-Droid
Díshuiteáil ó shocruithe an ghléis
- Ag brath ar bhranda do ghléis shoghluaiste, téigh chuig Socruithe > Aipeanna, ansin roghnaigh Brabhsálaí Tor agus tapáil an cnaipe "Díshuiteáil".
Díshuiteáil Brabhsálaí Tor le haghaidh Android ag baint úsáide as socruithe aip an ghléis