Fabhtcheartú
Fabhtcheartú earráidí coitianta agus Tor VPN á rith.
Mura bhfuil Tor VPN in ann ceangal, d’fhéadfá teachtaireacht earráide a fheiceáil:
Réamhrá le Tor VPN.
Chun fabhtcheartú a dhéanamh, bain triail as gach ceann díobh seo a leanas:
Seiceáil socruithe Android
- Cinntigh nach bhfuil aip VPN eile ag rith agat. Ní cheadaíonn Android úsáid a bhaint as il-aipeanna VPN ag an am céanna.
- Cinntigh le do thoil nach bhfuil feidhmchlár balla dóiteáin líonra ag rith. De ghnáth úsáideann feidhmchláir balla dóiteáin nasc VPN agus má bhíonn siad ag rith, cuirfidh siad cosc ar VPN Tor aon naisc a dhéanamh.
Seiceáil an feidhmchlár Tor VPN
D’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú breathnú ar logaí VPN Tor chun an fhadhb a dhiagnóisiú. Chun logaí VPN Tor a fháil:
- Beartaigh ar "Féach ar logaí Tor" ón teachtaireacht earráide nó ón scáileán "Ceangail".
- Beartaigh ar "Cumraigh".
- Scrollaigh go dtí an chuid "Ardleibhéil" de shocruithe Tor VPN.
- Beartaigh ar "Logaí Tor".
Earráid #1: Seiceáil Nascacht Idirlín
00:00:00:00 W/onionmasq: onion_tunnel::runtime: Arti failed to connect to [2a00:ccc1:1:2c::1]:9000: Network is unreachable (os error 101)
00:00:00:00 W/onionmasq: tor_chanmgr::transport::default: Connection to [scrubbed] failed: error: Network is unreachable (os error 101)
Earráid #2: Seiceáil an bhfuil Tor faoi chinsireacht ar do líonra.
00:00:00:000 E/onionmasq: onionmasq_mobile::ffi: runProxy() returned error: couldn't start onionmasq proxy
00:00:00:000 CONNECTION_ERROR
00:00:00:000 D/onionmasq: onionmasq_mobile: closing proxy...
Sa chás seo, d'fhéadfadh sé go n-oibreodh triail a bhaint as ceann de na modhanna seachbhóthar cinsireachta.