Nach gcuireann Tor ar chumas coirpigh drochrudaí a dhéanamh?
Tá Tor tógtha chun príobháideacht a chosaint agus chun cinsireacht a chomhrac.
Is é misean Tor cearta an duine a chur chun cinn le teicneolaíocht saor in aisce agus foinse oscailte, ag cumasú úsáideoirí chun cosaint a dhéanamh i gcoinne faireachais mais agus cinsireacht idirlín. Is fuath linn go bhfuil daoine áirithe ag úsáid Tor chun críocha mailíseacha, agus cáinimid mí-úsáid agus saothrú ár dteicneolaíochta chun críocha coiriúla.
Tá sé riachtanach a thuiscint gur leis na daoine aonair atá an intinn choiriúil agus ní leis na huirlisí a úsáideann siad. Díreach cosúil le teicneolaíocht eile atá ar fáil go forleathan, is féidir le daoine a bhfuil rún coiriúil acu Tor a úsáid. Agus mar gheall ar na roghanna eile is féidir leo a úsáid, is cosúil nach dócha go gcuirfidh baint Tor den domhan cosc orthu dul i mbun gníomhaíochta coiriúla. Ag an am céanna, is féidir le Tor agus bearta príobháideachta eile dul i ngleic le goid aitheantais, coireanna fisiciúla cosúil le stalcaireacht, agus is féidir le forfheidhmiú an dlí iad a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh ar choireacht agus chun tacú le marthanóirí.