HTTPS

Cuireann Tor cosc ar chúléisteoirí na suímh a dtugann tú cuairt orthu a fheiceáil. Mar sin féin, nuair a sheolann tú faisnéis neamhchriptithe trasna an Idirlín thar HTTP, is féidir le hoibreoirí an athsheachadáin amach, nó le haon duine atá ag féachaint ar an trácht idir an athsheachadán amach agus an suíomh Gréasáin, an trácht sin a fheiceáil. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh HTTPS, bíonn an trácht a fhágann an t-athsheachadán amach criptithe sa chaoi nach mbeadh cúléisteoir in ann é a léamh.

Taispeánann an pictiúr seo an t-eolas atá cúléisteoirí in ann a fheiceáil le Brabhsálaí Tor agus criptiú HTTPS, agus gan iad:

  • Tar éis duit an cnaipe “Tor” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil Tor ar siúl.
  • Tar éis duit an cnaipe “HTTPS” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú HTTPS. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil HTTPS ar siúl.
  • Nuair a bhíonn an dá chnaipe uaine, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor agus HTTPS le chéile.
  • Nuair a bhíonn an dá chnaipe liath, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair nach n-úsáideann tú Tor ná HTTPS.



SONRAÍ A FHÉADFADH A FHÁIL
Tuairisc.ie
An suíomh a dtugtar cuairt air.
úsáideoir / focal faire
Ainm úsáideora agus focal faire a úsáidtear le fíordheimhniú.
sonraí
Na sonraí á n-aistriú.
suíomh
Seoladh an ríomhaire a úsáideadh chun cuairt a thabhairt ar an suíomh (an seoladh IP poiblí).
Tor
An bhfuil Tor in úsáid nó nach bhfuil.