Conas níos mó ná athsheachadán Tor amháin a rith go sábháilte
Is féidir leat níos mó ná athsheachadán Tor amháin a rith chun bandaleithead breise a chur leis an líonra, ach ní mór duit iad a chumrú i gceart chun anaithnideacht úsáideoirí agus éagsúlacht líonra a choinneáil.
Más mian leat roinnt athsheachadáin a rith chun níos mó a bhronnadh ar an líonra, táimid sásta leis sin. Ach ná rith níos mó ná cúpla dosaen ar an líonra céanna, le do thoil, ós rud é go bhfuil scaipeadh agus éagsúlacht mar chuid de sprioc líonra Tor.
Má shocraíonn tú níos mó ná athsheachadán amháin a rith, socraigh an rogha chumraíochta "MyFamily" i torrc gach athsheachadáin, ag liostáil na n-athsheachadáin uile (scartha le camóga) atá faoi do smacht:
MyFamily $fingerprint1,$fingerprint2,$fingerprint3
áit a bhfuil gach méarloirg ina méarloirg aitheantais 40 carachtar (gan spásanna).
Ar an mbealach sin, beidh a fhios ag cliaint Tor conas níos mó ná ceann amháin de do athsheachadáin a úsáid i gciorcad amháin a sheachaint. Ba chóir duit MyFamily a shocrú má tá smacht riaracháin agat ar na ríomhairí nó ar a líonra, fiú mura bhfuil siad go léir san áit gheografach chéanna.